search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: '   cuirfidh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index    cuirfidh:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

    ROINN 1
    Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

    ROINN 2
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

    ROINN 3
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne

    ROINN 4
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

    ROINN 5
    Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú

    ROINN 6
    Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

    CAIBIDIL IV
    CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    ROINN 1
    Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

    ROINN 2
    Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

    ROINN 3
    An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

    ROINN 4
    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

    ROINN 5
    Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

    ROINN 6
    Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    CAIBIDIL V
    FORÁLACHA DEIRIDH


whereas    cuirfidh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1442

 

Airteagal 11

Pointí teagmhála d’údaráis na mBallstát, don Choimisiún agus don Bhord

1.   Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair chun a chur ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh go díreach, trí mhodhanna leictreonacha, le húdaráis na mBallstát, an Coimisiún agus an Bord dá dtagraítear in Airteagal 61 maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an fhaisnéis ar fáil go poiblí, faisnéis is gá chun a bpointí teagmhála aonair a shainaithint agus cumarsáid a dhéanamh leo gan stró. Beidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin, agus coinneofar cothrom le dáta í.

3.   Sonróidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 teanga nó teangacha oifigiúla na mBallstát, ar féidir iad a úsáid, i dteannta teanga a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó is féidir de shaoránaigh an Aontais uirthi, chun cumarsáid a dhéanamh lena bpointe teagmhála, agus ina n-áireofar teanga oifigiúil amháin ar a laghad de chuid an Bhallstáit ina bhfuil a phríomh-bhunaíocht ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha nó san áit ina gcónaíonn a ionadaí dlí nó ina bhfuil sé bunaithe.

Airteagal 13

Ionadaithe dlíthiúla

1.   Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas, i scríbhinn, duine dlítheanach nó duine nádúrtha chun gníomhú ina n-ionadaí dlí i gceann amháin de na Ballstáit ina dtairgeann an soláthraí a sheirbhísí.

2.   Sannfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a n-ionadaithe dlí chun go ndéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, an Coimisiún agus an Bord teagmháil leo mar aon le soláthraí den sórt sin nó in ionad soláthraí den sórt sin maidir le gach saincheist is gá chun cinntí arna n-eisiúint i ndáil leis an Rialachán seo a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní leordhóthanacha dá n-ionadaí dlí chun a ráthú go mbeidh comhar éifeachtúil tráthúil acu le húdaráis inniúla na mBallstát, leis an gCoimisiún agus leis an mBord agus chun go gcomhlíonfaidh siad cinntí den sórt sin.

3.   Beidh ionadaí dlí ainmnithe in ann a bheith faoi dhliteanas mar gheall ar oibleagáidí neamhchomhlíonta faoin Rialachán seo, gan dochar don dliteanas ná do chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh in aghaidh soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha.

4.   cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a n-ionadaí dlí in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát ina gcónaíonn an t-ionadaí dlí sin nó ina bhfuil sé bunaithe. Áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, go mbeidh rochtain éasca uirthi, go mbeidh sí cruinn agus go gcoinneofar cothrom le dáta í.

5.   Ní bheidh ainmniúchán ionadaí dlí laistigh den Aontas de bhun mhír 1 ionann le bunaíocht san Aontas.

Airteagal 14

Téarmaí agus coinníollacha

1.   cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faisnéis san áireamh maidir le haon srianta a fhorchuireann siad i ndáil leis an úsáid a bhaineann siad as an tseirbhís i leith faisnéis arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse, ina dtéarmaí agus coinníollacha. Áireofar ar an bhfaisnéis sin faisnéis maidir le haon bheartais, nósanna imeachta, bearta agus uirlisí a úsáidtear chun críche modhnóireachta inneachair, lena n-áirítear cinnteoireacht algartamach agus athbhreithniú daonna, mar aon le rialacha nós imeachta a gcórais inmheánaigh um láimhseáil gearán. Leagfar amach í i dteanga atá soiléir, simplí, intuigthe, soláimhsithe agus gan débhrí, agus beidh sí ar fáil go poiblí i bhformáid atá inrochtana go héasca agus inléite ag meaisín.

2.   cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoirí na seirbhíse ar an eolas maidir le haon athrú suntasach ar na téarmaí agus na coinníollacha.

3.   I gcás ina bhfuil seirbhís idirghabhálach dírithe go príomha ar mhionaoisigh nó inarb iad an dream is mó a bhíonn á húsáid, míneoidh soláthraí na seirbhíse idirghabhálaí sin na coinníollacha maidir le húsáid na seirbhíse, agus aon srianta maidir léi ar bhealach a d’fhéadfadh mionaoisigh a thuiscint.

4   Feidhmeoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ar bhealach dícheallach, oibiachtúil agus comhréireach chun na srianta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus aird chuí ar chearta agus leasanna dlisteanacha gach páirtí lena mbaineann, lena n-áirítear na cearta bunúsacha maidir le faighteoirí na seirbhíse, amhail saoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirse agus iolrachas na meán, agus cearta agus saoirsí bunúsacha eile, mar a chumhdaítear sa Chairt.

5.   Tabharfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne achoimre ghearr, a bheidh inrochtana go héasca, agus inléite ag meaisín, ar na téarmaí agus na coinníollacha d’fhaighteoirí seirbhísí, lena n-áirítear leigheasanna agus sásraí sásaimh atá ar fáil, i dteanga atá soiléir agus gan débhrí.

6.   Déanfaidh ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne, de réir bhrí Airteagal 33, a dtéarmaí agus a gcoinníollacha a fhoilsiú i dteangacha oifigiúla na mBallstát uile ina dtairgeann siad a seirbhísí.

Airteagal 15

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha

1.   cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha tuarascálacha soiléire, intuigthe ar fáil go poiblí a bheidh inléite ag meaisín, ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca, uair sa bhliain ar a laghad maidir le haon mhodhnóireacht inneachair a raibh siad ag gabháil dó le linn na tréimhse ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(a)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, an líon orduithe a fhaightear ó údaráis na mBallstát, lena n-áirítear orduithe arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh lena mbaineann, an Ballstát a eisíonn an t-ordú, agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an t-údarás a eisíonn an t-ordú, nó aon údarás eile arna shonrú san ordú, a chur ar an eolas go bhfuarthas é agus chun éifeacht a thabhairt don ordú;

(b)

i gcás soláthraithe seirbhísí óstála, an líon fógraí arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh líomhainte lena mbaineann, an líon fógraí a thíolaic na comharthóirí iontaofa, aon ghníomhaíocht a glacadh de bhun na bhfógraí trí dhifreáil a dhéanamh idir cibé a glacadh an ghníomhaíocht ar bhonn an dlí nó ar bhonn théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí nó nár glacadh, an líon fógraí a phróiseáiltear trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an ghníomhaíocht sin a ghlacadh;

(c)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, faisnéis fhóinteach shothuigthe faoin modhnóireacht inneachair ar tugadh faoi de thionscnamh na soláthraithe féin, lena n-áirítear úsáid uirlisí uathoibrithe, na bearta a glacadh chun oiliúint agus cúnamh a sholáthar do dhaoine atá i gceannas ar mhodhnóireacht inneachair, líon agus cineál na mbeart a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht na faisnéise arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse agus cumas na bhfaighteoirí faisnéis a sholáthar, tríd an tseirbhís, agus srianta gaolmhara eile ar an tseirbhís; déanfar an fhaisnéis a thuairisceofar a aicmiú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh nó de réir shárú théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí seirbhíse, de réir an mhodha braite agus de réir chineál an tsrianta a chuirfear i bhfeidhm;

(d)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, an líon gearán arna bhfáil trí na córais inmheánacha chun déileáil le gearáin i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha an tsoláthraí agus ina theannta sin, i gcás soláthraithe ardán ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 20, an bonn atá leis na gearáin sin, cinntí arna ndéanamh maidir leis na gearáin sin, an t-am airmheánach is gá chun na cinntí sin a dhéanamh agus líon na gcásanna ina ndearnadh na cinntí sin a fhreaschur;

(e)

aon úsáid a baineadh as modh uathoibrithe chun críche modhnóireachta inneachair, lena n-áirítear tuairisc cháilíochtúil, sonraíocht maidir le cuspóirí beachta, táscairí cruinnis agus ráta féideartha earráide an mhodha uathoibrithe arna úsáid chun na críocha sin a chomhlíonadh, agus aon choimircí a cuireadh i bhfeidhm.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE agus nach ardáin an-mhór ar líne iad de réir bhrí Airteagal 33 den Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléid a leagan síos maidir le foirm, inneachar agus mionsonraí eile tuarascálacha de bhun mhír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear tréimhsí tuairiscithe comhchuibhithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

ROINN 2

Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

Airteagal 16

Sásraí fógra agus gnímh

1.   cuirfidh soláthraithe seirbhísí óstála sásraí i bhfeidhm chun ceadú d’aon duine aonair nó eintiteas iad a chur ar an eolas go bhfuil míreanna sonracha faisnéise a mheasann an duine aonair nó an t-eintiteas a bheith ina inneachar neamhdhleathach ar a seirbhís. Beidh na sásraí sin éasca le rochtain agus furasta a úsáid, agus ba cheart go gceadódh siad fógraí a chur isteach trí mheán leictreonach amháin.

2.   Leis na sásraí dá dtagraítear i mír 1, is fusa a bheidh sé fógraí a bheidh beacht a ndóthain agus a mbeidh bunús leordhóthanach leo a thíolacadh. Chuige sin, glacfaidh soláthraithe seirbhísí óstála na bearta is gá chun cur isteach fógraí ina bhfuil na gnéithe seo a leanas ar fad a chumasú agus a éascú:

(a)

míniú a bhfuil bunús leordhóthanach leis ar na cúiseanna go líomhnaíonn an duine aonair nó an t-eintiteas gur inneachar neamhdhleathach atá san fhaisnéis atá i gceist;

(b)

léiriú soiléir de láthair bheacht leictreonach na faisnéise sin, amhail an URL beacht nó URLanna beachta, agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise a chumasaíonn sainaithint an inneachair neamhdhleathaigh arna chur in oiriúint do chineál an inneachair agus do chineál sonrach na seirbhíse óstála;

(c)

ainm agus seoladh ríomhphoist an duine aonair nó an eintitis a bhfuil an fógra á chur isteach aige, seachas i gcás faisnéis a meastar go mbaineann ceann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 7 de Threoir 2011/93/AE léi;

(d)

ráiteas ina ndeimhnítear go gcreideann an duine aonair nó an t-eintiteas a bhfuil an fógra á chur isteach aige de mheon bona fide go bhfuil an fhaisnéis agus na líomhaintí atá ann beacht agus iomlán.

3.   Measfar go n-eascróidh eolas nó feasacht iarbhír chun críocha Airteagal 6 i leith na míre faisnéise sonraí lena mbaineann, agus leis sin amháin, as fógraí dá dtagraítear san Airteagal seo, nuair is féidir leis an soláthraí seirbhíse óstála nádúr neamhdhleathach an inneachair a shainaithint go ríshoiléir i gcás ina gceadaíonn siad do sholáthraí dícheallach seirbhísí óstála neamhdhleathacht na gníomhaíochta nó na faisnéise ábhartha a shainaithint gan mionscrúdú dlíthiúil a dhéanamh.

4.   I gcás ina bhfuil faisnéis teagmhála leictreonach an duine aonair nó an eintitis a thíolaic é san fhógra, seolfaidh an soláthraí seirbhísí óstála admháil deimhnithe gan moill mhíchuí maidir leis an bhfógra chuig an duine aonair nó an t-eintiteas sin.

5.   Tabharfaidh an soláthraí fógra freisin, gan moill mhíchuí, don duine aonair nó don eintiteas sin i leith na faisnéise lena mbaineann an fógra, ag soláthar faisnéise maidir leis na féidearthachtaí sásaimh i leith an chinnidh sin.

6.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí óstála aon fhógraí a fhaigheann siad faoi na sásraí dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil agus déanfaidh siad a gcinntí i leith na faisnéise lena mbaineann na fógraí, ar bhealach tráthúil, dícheallach, neamhthreallach agus oibiachtúil. I gcás ina n-úsáideann siad modh uathoibrithe don phróiseáil nó don chinnteoireacht sin, áireofar iontu faisnéis maidir leis an úsáid sin san fhógra dá dtagraítear i mír 5.

Airteagal 17

Ráiteas ar chúiseanna

1.   cuirfidh soláthraithe seirbhísí óstála ráiteas soiléir sonrach ar chúiseanna ar fáil d’aon fhaighteoir de chuid na seirbhíse dá ndéantar difear le haghaidh aon cheann de na srianta seo a leanas arna bhforchur ar an bhforas gur ábhar mídhleathach í an fhaisnéis arna cur ar fáil ag faighteoir na seirbhíse nó go bhfuil sé neamhréir lena dtéarmaí agus coinníollacha:

(a)

aon srianta ar infheictheacht míreanna sonracha faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear inneachar a bhaint anuas, rochtain ar inneachar a dhíchumasú, nó ísliú céime a thabhairt d’inneachar;

(b)

íocaíochtaí airgeadaíochta a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó a shrianadh ar bhealach eile;

(c)

soláthar na seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, ar an iomlán nó i bpáirt;

(d)

cuntas fhaighteoir na seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin i gcás gurb eol don soláthraí na sonraí teagmhála leictreonacha ábhartha. Beidh feidhm aige ón dáta a fhorchuirfear an srian, is cuma cén fáth nó cén chaoi ar forchuireadh é.

Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás inarb inneachar tráchtála, ardéilimh, meabhlach atá san fhaisnéis.

3.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa ráiteas ar chúiseanna dá dtagraítear i mír 1:

(a)

faisnéis maidir le cibé acu an mbaineann an cinneadh leis an bhfaisnéis a bhaint nó, an rochtain ar an bhfaisnéis a dhíchumasú, ísliú céime a thabhairt don fhaisnéis, nó an léargas ar an bhfaisnéis a shrianadh íocaíochtaí airgid a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh a bhaineann leis an bhfaisnéis sin nó bearta eile dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur i leith na faisnéise, agus, i gcás inarb ábhartha, raon feidhme críochach an chinnidh agus an fad a bhaineann leis;

(b)

na fíorais agus na cúinsí a mbraitear orthu agus an cinneadh á dhéanamh, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le cibé an ndearnadh an cinneadh de bhun fógra arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16 nó ar bunaíodh í ar imscrúduithe deonacha féintionscnaimh agus, i gcás inar fíorghá sin, céannacht an fhógróra;

(c)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le húsáid modhanna uathoibrithe chun an cinneadh a ghlacadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le cibé ar glacadh leis an gcinneadh i leith inneachar a braitheadh nó a sainaithníodh le modhanna uathoibrithe;

(d)

i gcás ina mbaineann an cinneadh le hinneachar a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach, tagairt don fhoras dlí ar ar braitheadh agus mínithe maidir leis an gcúis a mheastar an fhaisnéis a bheith ina hinneachar neamhdhleathach ar an bhforas sin;

(e)

i gcás ina bhfuil an cinneadh bunaithe ar neamhoiriúnacht líomhnaithe na faisnéise le téarmaí agus coinníollacha sholáthraí na seirbhísí óstála, tagairt don fhoras conarthach ar ar braitheadh agus mínithe maidir leis an gcúis a mheastar an fhaisnéis a bheith ar neamhréir leis an bhforas sin;

(f)

faisnéis shoiléir sholáimhsithe maidir leis na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ar fáil d’fhaighteoir na seirbhíse i leith an chinnidh, go háirithe, i gcás inarb ábhartha trí na sásraí inmheánacha um láimhseáil gearán, réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt agus sásamh breithiúnach.

4.   Beidh an fhaisnéis arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí óstála i gcomhréir leis an Airteagal seo soiléir agus intuigthe agus chomh beacht agus chomh sonrach agus is féidir go réasúnach sna himthosca reatha. Beidh an fhaisnéis amhlaidh, go háirithe, ionas go gceadóidh sí go réasúnach d’fhaighteoir na seirbhíse lena mbaineann na féidearthachtaí maidir le sásamh dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), a fheidhmiú go héifeachtach.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le haon orduithe dá dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 20

Córas inmheánach um láimhseáil gearán

1.   Soláthróidh soláthraithe ardán ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógra curtha isteach acu, ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad tar éis an chinnidh dá dtagraítear sa mhír seo, rochtain ar chóras éifeachtach inmheánach um láimhseáil gearán, a chuirfidh ar a gcumas ngearáin a sheoladh isteach, go leictreonach agus saor in aisce, in aghaidh an chinnidh arna dhéanamh ag soláthraí an ardáin ar líne ar fhógra a fháil nó in aghaidh na gcinntí seo a leanas a ghlac soláthraí an ardáin ar líne ar na forais gur dóchúil go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar ag na faighteoirí ina hinneachar neamhdhleathach nó go bhfuil sí neamhréir lena théarmaí agus coinníollacha.

(a)

cinntí i dtaobh rochtain ar an bhfaisnéis a bhaint anuas nó gan í a bhaint anuas, an rochtain ar an bhfaisnéis a dhíchumasú nó srian a chur le hinfheictheacht na faisnéise;

(b)

cinntí i dtaobh sholáthar na seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh nó gan é sin a dhéanamh, ar an iomlán nó i bpáirt, do na faighteoirí;

(c)

cinntí i dtaobh cuntas na bhfaighteoirí a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh nó gan é sin a dhéanamh;

(d)

cinntí i dtaobh ar cheart an cumas luach airgid a chur ar fhaisnéis arna soláthar ag na faighteoirí a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó a shrianadh ar bhealach eile.

2.   Measfar go dtosóidh an tréimhse 6 mhí ar a laghad, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar an lá a chuirfear faighteoir na seirbhíse ar an eolas faoin gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 16(5) nó le hAirteagal 17.

3.   Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne go bhfuil a gcórais inmheánacha um láimhseáil gearán éasca le rochtain, furasta a úsáid agus go gcumasaíonn agus go n-éascaíonn siad gearáin atá beacht go leordhóthanach agus a bhfuil bunús leordhóthanach leo a thíolacadh.

4.   Láimhseálfaidh soláthraithe ardán ar líne gearáin a dhéanfar trína gcóras inmheánach um láimhseáil gearán, agus déanfaidh siad é sin ar bhealach tráthúil, neamh-idirdhealaitheach, dícheallach agus neamhthreallach. I gcás ina bhfuil forais leordhóthanacha ag baint le gearán le go measfadh soláthraí an ardáin ar líne nach bhfuil aon bhunús lena chinneadh gan gníomhú ar fhógra a fháil nó nach bhfuil an fhaisnéis lena mbaineann an gearán neamhdhleathach agus nach bhfuil sé neamhoiriúnach lena théarmaí agus coinníollacha, nó go bhfuil faisnéis ann a thugann le fios nach gá an beart a rinneadh, aisiompóidh sé a chinneadh dá dtagraítear i mír 1 gan moill mhíchuí.

5.   cuirfidh soláthraithe ardán ar líne gearánaigh ar an eolas gan moill mhíchuí faoina gcinneadh réasúnaithe i leith na faisnéise lena mbaineann an gearán agus faoin bhféidearthacht maidir le réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt dá bhforáiltear in Airteagal 21 agus aon fhéidearthachtaí maidir le sásamh eile atá ar fáil.

6.   Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne gur faoi mhaoirseacht fhoirne a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí acu a dhéanfar na cinntí dá dtagraítear i mír 5, agus ní ar bhonn modhanna uathoibrithe amháin.

Airteagal 22

Comharthóirí iontaofa

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go dtugtar tosaíocht le fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa, ag gníomhú dóibh laistigh dá réimse ainmnithe saineolais, trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 16 a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith gan moill mhíchuí.

2.   Bronnfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe, stádas na “gcomharthóra iontaofa” faoin Rialachán seo, ar iarratas ó aon eintiteas, ar iarratasóir a léirigh go gcomhlíonann sé gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá saineolas agus inniúlacht shonrach aige chun críocha inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus fógra a thabhairt ina leith;

(b)

tá sé neamhspleách ar aon soláthraí ardán ar líne;

(c)

tugann sé faoina ghníomhaíochtaí chun críocha fógraí a chur isteach go dícheallach, go beacht agus go hoibiachtúil.

3.   Foilseoidh comharthóirí iontaofa tuarascálacha mionsonraithe atá intuigthe, uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar fhógraí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 16 le linn na tréimhse ábhartha. Liostófar sa tuarascáil, ar a laghad, líon na bhfógraí arna n-aicmiú de réir an mhéid seo a leanas:

(a)

céannacht sholáthraí na seirbhísí óstála;

(b)

an cineál inneachair a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach ar tugadh fógra ina leith;

(c)

an ghníomhaíocht a rinne an soláthraí.

Áireofar sna tuarascálacha sin míniú ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcoinneoidh an comharthóir iontaofa a neamhspleáchas i gcónaí.

Seolfaidh comharthóirí iontaofa na tuarascálacha sin chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an bhronnta, agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad. Ní bheidh sonraí pearsanta san fhaisnéis sna tuarascálacha sin.

4.   cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha in iúl don Choimisiún ainmneacha, seoltaí agus seoltaí ríomhphoist na n-eintiteas ar bhronn siad stádas mar chomharthóirí iontaofa orthu i gcomhréir le mír 2 nó iad siúd ar chuir siad a stádas mar chomharthóir iontaofa ar fionraí 6 nó ar chúlghairm siad a stádas mar chomharthóir iontaofa i gcomhréir le mír 7.

5.   Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí, i bhformáid éasca le rochtain agus inléite ag meaisín, agus coinneoidh sé an bunachar sonraí sin cothrom le dáta.

6.   I gcás ina bhfuil faisnéis ag soláthraí ardán ar líne a léiríonn gur chuir comharthóir iontaofa líon suntasach fógraí nach bhfuil sách beacht, cruinn ná leorbhunaithe trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 16, lena n-áirítear faisnéis a bailíodh i ndáil le próiseáil gearán trí na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 20(4), cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas sin mar chomharthóir iontaofa ar an eintiteas lena mbaineann, ag cur na míniúcháin agus na doiciméid tacaíochta is gá ar fáil. Ar an bhfaisnéis sin a fháil ó sholáthraí ardán ar líne agus má mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha go bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann imscrúdú a chur ar bun, cuirfear stádas an chomharthóra iontaofa ar fionraí le linn thréimhse an imscrúdaithe. Déanfar an t-imscrúdú sin gan moill mhíchuí.

7.   Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar chomharthóir iontaofa an stádas sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuir soláthraí ardán ar líne ar fáil de bhun mhír 6, nach gcomhlíonann an t-eintiteas sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a thuilleadh. Sula ndéanfar an stádas sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don eintiteas freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún stádas an eintitis mar chomharthóir iontaofa a chúlghairm.

8.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, treoirlínte a eisiúint, i gcás inar gá, chun cúnamh a thabhairt do sholáthraithe ardán ar líne agus do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha le cur i bhfeidhm mhíreanna 2, 6 agus 7.

Airteagal 23

Bearta agus cosaint in aghaidh mí-úsáide

1.   cuirfidh soláthraithe ardán ar líne soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí d’fhaighteoirí na seirbhíse a chuireann inneachar ar follasach go bhfuil sé neamhdhleathach ar fáil go minic, ar feadh tréimhse réasúnach ama tar éis réamhfhógra a thabhairt.

2.   cuirfidh soláthraithe ardán ar líne próiseáil fógraí agus gearán arna gcur isteach trí na sásraí fógra agus gnímh agus na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagail 16 agus 20, faoi seach, maidir le fógraí nó gearáin ar follasach gur fógraí nó gearáin gan bhunús iad arna gcur isteach go minic ag daoine aonair nó eintitis nó gearánaigh, ar fionraí ar feadh tréimhse réasúnach ama tar éis réamhfhógra a thabhairt.

3.   Agus iad i mbun cinneadh a dhéanamh faoin bhfionraí, déanfaidh soláthraithe ardán ar líne measúnú, de réir an cháis agus ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil, ar cibé a ghabhann faighteoir na seirbhíse, an duine aonair, an t-eintiteas nó an gearánach don mhí-úsáid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ag cur na bhfíoras agus na dtosca ábhartha uile is léir ón bhfaisnéis atá ar fáil do sholáthraí ardáin ar líne san áireamh. Áireofar na míreanna seo a leanas ar a laghad sna coinníollacha sin:

(a)

dearbhuimhreacha na nithe d’inneachar ar follasach gurb inneachar neamhdhleathach é nó fógraí nó gearáin ar follasach gur fógraí nó gearáin gan bhunús iad, a cuireadh isteach laistigh de thréimhse ama áirithe;

(b)

cion coibhneasta na nithe sin i ndáil leis an líon iomlán nithe faisnéise a cuireadh ar fáil nó fógraí a cuireadh isteach laistigh de thréimhse ama áirithe;

(c)

tromchúis na mí-úsáide, lena n-áirítear cineál an inneachair neamhdhleathaigh, agus na n-iarmhairtí a bhaineann léi;

(d)

i gcás inar féidir é a shainaithint, rún fhaighteoir na seirbhíse, an duine aonair, an eintitis nó an ghearánaigh.

4.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne, ina dtéarmaí agus coinníollacha, a mbeartas maidir leis an mí-úsáid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a leagan amach, ar bhealach soiléir agus mionsonraithe, agus tabharfaidh siad samplaí de na fíorais agus na tosca a chuireann siad san áireamh nuair a dhéanann siad measúnú ar cibé an mí-úsáid atá in iompraíocht áirithe agus fad na fionraíochta.

Airteagal 24

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe ardán ar líne

1.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15, cuirfidh soláthraithe ardán ar líne an fhaisnéis maidir leis an méid seo a leanas san áireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal sin:

(a)

an líon díospóidí arna gcur faoi bhráid na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt dá dtagraítear in Airteagal 21, torthaí an réitigh díospóide, agus an tréimhse ama airmheánach a theastóidh chun na nósanna imeachta um réiteach díospóidí a chur i gcrích, chomh maith le cion na ndíospóidí inar chuir soláthraí an ardán ar líne cinntí an chomhlachta chun feidhme;

(b)

an líon fionraíochtaí arna bhforchur de bhun Airteagal 23, ag déanamh idirdhealú idir fionraíochtaí a achtaíodh as inneachar ar follasach gurb inneachar neamhdhleathach é a sholáthar, fógraí ar follasach gur fógraí gan bhunús iad a chur isteach agus gearáin ar follasach gur gearáin gan bhunús iad a chur isteach.

2.   Faoin 17 Feabhra 2023 agus uair amháin ar a laghad gach 6 mhí ina dhiaidh sin, foilseoidh soláthraithe do gach ardán ar líne nó gach inneall cuardaigh ar line, i roinn dá gcomhéadan ar líne atá ar fáil go poiblí faisnéis maidir le meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas, arna ríomh mar mheán thar an tréimhse 6 mhí roimhe sin, agus, i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 33(3), ina nglactar na gníomhartha tarmligthe.

3.   cuirfidh soláthraithe ardán ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh ar líne an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Choimisiún, ar iarraidh uathu agus gan moill mhíchuí, agus beidh an fhaisnéis sin cothrom le dáta tráth a gheofar an iarraidh sin. Féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin nó an Coimisiún a cheangal ar sholáthraí an ardáin ar líne nó soláthraí an inneall cuardaigh ar líne faisnéis bhreise a sholáthar a mhéid a bhaineann leis an ríomh dá dtagraítear sa mhír sin, lena n-áirítear míniúcháin agus bunús i leith na sonraí a úsáideadh. Ní bheidh sonraí pearsanta mar chuid den fhaisnéis sin.

4.   Má tá cúiseanna ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta lena meas, bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, go gcomhlíonann soláthraí ardáin ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh ar líne an tairseach d’fhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas, a leagtar síos in Airteagal 33(1), cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

5.   Tíolacfaidh soláthraithe ardán ar líne, gan moill mhíchuí, na cinntí agus na ráitis ar chúiseanna dá dtagraítear in Airteagal 17(1) chuig an gCoimisiún chun iad a chur san áireamh i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí, inléite ag meaisín, arna bhainistiú ag an gCoimisiún. Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne nach mbeidh sonraí pearsanta san fhaisnéis a thíolacfar.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléid a leagan síos maidir le foirm, inneachar agus mionsonraí eile tuarascálacha de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

Airteagal 26

Fógraíocht ar ardáin ar líne

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne a chuireann fógráin i láthair ar a gcomhéadain ar líne a áirithiú gur féidir, le haghaidh gach fógrán sonrach a chuirtear i láthair gach faighteora aonair, le faighteoirí na seirbhíse an méid seo a leanas a shainaithint, ar bhealach soiléir, suntasach gan débhrí agus i bhfíor-am:

(a)

gur fógrán atá san fhaisnéis, lena n-áirítear trí mharcálacha feiceálacha. Féadfar na marcálacha sin caighdeán de bhun Airteagal 44 a leanúint;

(b)

an duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil an fógra á chur i láthair thar a cheann;

(c)

an duine nádúrtha nó dlítheanach a d’íoc as an bhfógra, más éagsúil an duine sin leis an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)

faisnéis bhríoch a bhfuil rochtain dhíreach éasca uirthi ón bhfógrá faoi na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun an faighteoir a gcuirfear an fógrán ina láthair a chinneadh agus, i gcás inarb infheidhme, faoi conas na paraiméadair sin a athrú.

2.   cuirfidh soláthraithe ardán ar líne feidhmiúlacht ar fáil d’fhaighteoirí na seirbhíse chun a dhearbhú an cumarsáid tráchtála é an t-inneachar a chuireann siad ar fáil nó an bhfuil cumarsáid tráchtála.

Nuair a chuireann faighteoir na seirbhíse dearbhú isteach de bhun na míre seo, áiritheoidh soláthraí an ardáin ar líne gur féidir le faighteoirí eile na seirbhíse a shainaithint ar bhealach soiléir gan débhrí agus i bhfíor-am, lena n-áirítear trí mharcálacha feiceálacha, a d’fhéadfadh caighdeáin de bhun Airteagal 44 a leanúint, gur cumarsáid tráchtála atá san inneachar a chuireann faighteoir na seirbhíse ar fáil nó go bhfuil cumarsáid tráchtála ann mar a thuairiscítear sa dearbhú sin

3.   Ní dhéanfaidh soláthraithe ardán ar líne fógráin a chur i láthair fhaighteoirí na seirbhíse atá bunaithe ar phróifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679 ag úsáid catagóirí speisialta shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 30

Inrianaitheacht trádálaithe

1.   Soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le trádálaithe, áiritheoidh siad nach féidir le trádálaithe na hardáin ar líne sin a úsáid ach chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó chun táirgí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas má tá an fhaisnéis seo a leanas faighte ag na hardáin ar líne, i gcás inarb infheidhme maidir leis an trádálaí, sula mbaineann siad úsáid as a seirbhísí chun na gcríoch sin:

(a)

ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí;

(b)

cóip de dhoiciméad aitheantais an trádálaí nó aon aitheantas leictreonach eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40);

(c)

mionsonraí chuntas íocaíochta an trádálaí;

(d)

i gcás ina bhfuil an trádálaí cláraithe i gclár trádála nó i gclár poiblí den chineál céanna, an clár trádála ar a bhfuil an trádálaí cláraithe agus a chláruimhir, nó modh coibhéiseach aitheantais an chláir sin;

(e)

féindeimhniúchán ón trádálaí ina ngabhann sé air féin gan ach táirgí nó seirbhísí a chomhlíonann na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais a thairiscint.

2.   Tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus sula dtabharfaidh sé cead don trádálaí lena mbaineann a sheirbhísí a úsáid, déanfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a dhícheall, trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí nó comhéadan oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air arna chur ar fáil ag Ballstát nó ag an Aontas nó trí iarrataí a dhéanamh leis an úsáideoir gnó doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar, chun a mheasúnú an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (e), iontaofa agus iomlán. Chun críche an Rialacháin seo, beidh trádálaithe faoi dhliteanas i leith chruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil.

Maidir le trádálaithe a úsáideann seirbhísí soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cheana féin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 an 17 Feabhra 2024, déanfaidh na soláthraithe a ndícheall an fhaisnéis a liostaítear a fháil ó na trádálaithe lena mbaineann laistigh de 12 mhí. I gcás ina mainneoidh na trádálaithe lena mbaineann an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin, cuirfidh na soláthraithe soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí do na trádálaithe sin go dtí go gcuirfidh siad an fhaisnéis ar fad ar fáil.

3.   I gcás ina léirítear go leordhóthanach do sholáthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó ina bhfuil cúiseanna aige lena chreidiúint go bhfuil aon phíosa faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a fuarthas ón trádálaí lena mbaineann míchruinn, neamhiomlán nó gan a bheith cothrom le dáta, iarrfaidh an soláthraí sin ar an trádálaí an cás a leigheas gan mhoill nó laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an Aontas agus sa dlí náisiúnta.

I gcás ina mainneoidh an trádálaí an fhaisnéis sin a cheartú nó a chomhlánú, cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe soláthar a sheirbhíse don trádálaí sin ar fionraí go pras i ndáil leis na táirgí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas go dtí go gcomhlíonfar go hiomlán an iarraidh sin.

4.   Gan dochar d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1150, má dhiúltaíonn soláthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cead a thabhairt do thrádálaí a sheirbhís a úsáid de bhun mhír 1, nó ina gcuireann sé soláthar a sheirbhíse ar fionraí de bhun mhír 3 den Airteagal seo, beidh sé de cheart ag an trádálaí lena mbaineann gearán a thaisceadh dá bhforáiltear in Airteagail 20 agus 21 den Rialachán seo.

5.   Stórálfaidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 1 agus 2 ar bhealach slán ar feadh tréimhse 6 mhí tar éis dheireadh an chaidrimh chonarthaigh leis an trádálaí lena mbaineann. Scriosfaidh siad an fhaisnéis ina dhiaidh sin.

6.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, ní nochtfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis do thríú páirtithe ach amháin i gcás ina gceanglaítear air sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear na horduithe dá dtagraítear in Airteagal 10 agus aon orduithe eile arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát nó an Coimisiún chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

7.   cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (d) agus (e) ar fáil ar a ardán ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar bhealach soiléir, inrochtana agus intuigthe. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil, ar a laghad, ar chomhéadan ar líne an ardáin ar líne ar a bhfuil an fhaisnéis ar an táirge nó seirbhís curtha i láthair.

Airteagal 40

Rochtain ar shonraí agus grinnscrúdú

1.   cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí ar fáil don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún, ar iarraidh réasúnaithe a fháil uathu agus laistigh de thréimhse réasúnta, atá sonraithe san iarraidh, ar sonraí iad atá riachtanach chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

2.   Ní úsáidfidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ná an Coimisiún na sonraí ar a bhfaighfear rochtain de bhun mhír 1 ach amháin chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad aird chuí ar chearta agus leasanna soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar line agus faighteoirí na seirbhíse lena mbaineann, lena n-áirítear sonraí pearsanta a chosaint, faisnéis rúnda a chosaint, go háirithe rúin trádála, agus slándáil a seirbhíse a chothabháil.

3.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún, dearadh, loighic agus feidhmiú agus tástáil a gcóras algartamach a mhíniú, lena n-áirítear a gcórais moltaí.

4.   Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí ar fáil do thaighdeoirí grinnfhiosraithe a chomhlíonann na ceanglais i mír 8 den Airteagal seo, laistigh de thréimhse réasúnta, mar atá sonraithe san iarraidh, agus é mar aon chuspóir amháin leis an rochtain sin taighde a dhéanamh a chuireann le brath, sainaithint agus tuiscint na rioscaí sistéamacha san Aontas, mar a leagtar amach de bhun Airteagal 34(1), agus leis an measúnú ar leordhóthanacht, éifeachtúlacht agus tionchair na mbeart maolaithe riosca de bhun Airteagal 35.

5.   Laistigh de 15 lá tar éis iarraidh dá dtagraítear i mír 4 a fháil, féadfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, an iarraidh a leasú, i gcás ina measann siad nach féidir leo rochtain ar na sonraí a chur ar fáil mar gheall ar cheann amháin den dá chúis seo a leanas:

(a)

níl rochtain acu ar na sonraí;

(b)

bainfidh leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a seirbhíse nó cosaint faisnéise rúnda, go háirithe rúin trádála, le rochtain a thabhairt ar na sonraí sin.

6.   Ní mór go mbeadh moltaí le haghaidh modh malartach amháin nó níos mó trínar féidir rochtain ar na sonraí a iarradh nó ar shonraí eile atá iomchuí agus leordhóthanach chun críoch na hiarrata sna hiarrataí ar leasú de bhun mhír 2a.

Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta cinneadh faoin iarraidh ar leasú laistigh de 15 lá agus cuirfidh siad an cinneadh sin in iúl do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line agus, i gcás inarb ábhartha, an iarraidh leasaithe agus an tréimhse nua chun an iarraidh a chomhlíonadh.

7.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí de bhun mhíreanna 1 agus 4 a éascú agus a sholáthar trí chomhéadain iomchuí a shonraítear san iarraidh, lena n-áirítear bunachair sonraí ar líne nó comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár.

8.   Ar iarratas cuí-réasúnaithe a fháil ó thaighdeoirí, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta stádas taighdeoirí grinnfhiosraithe a dheonú ar thaighdeoirí den sórt sin le haghaidh an taighde shonraigh dá dtagraítear san iarratas agus iarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí do sholáthraí ardáin an-mhór ar line nó do sholáthraí innill cuardaigh an-mhór ar line a eisiúint de bhun mhír 4, i gcás ina léiríonn na taighdeoirí go gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)

go bhfuil siad cleamhnaithe le heagraíocht taighde mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/790;

(b)

go bhfuil siad neamhspleách ar leasanna tráchtála;

(c)

go nochtar cistiú an taighde ina n-iarratas;

(d)

go bhfuil sé d’acmhainneacht acu na ceanglais shonracha maidir le slándáil agus rúndacht sonraí a chomhfhreagraíonn do gach iarraidh a chomhlíonadh agus sonraí pearsanta a chosaint, agus go ndéanann siad cur síos ina n-iarraidh ar na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla atá curtha i bhfeidhm acu chuige sin;

(e)

go léiríonn a n-iarratas go bhfuil gá lena rochtain ar na sonraí agus na tréimhsí ama arna n-iarraidh le haghaidh chuspóirí a dtaighde, agus go bhfuil siad comhréireach leo, agus go gcuirfidh na torthaí a bhfuiltear ag súil leo leis na cuspóirí a leagtar síos i mír 4;

(f)

go ndéanfar na gníomhaíochtaí taighde atá beartaithe chun na gcríoch a leagtar síos i mír 2;

(g)

gur gheall siad a dtorthaí taighde a chur ar fáil go poiblí saor in aisce, laistigh de thréimhse ama réasúnta tar éis thabhairt i gcrích an taighde, faoi réir leasanna fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Tar éis dóibh an t-iarratas de bhun na míre seo a fháil, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an Coimisiún agus an Bord ar an eolas.

9.   Féadfaidh taighdeoirí a n-iarratas a chur faoi bhráid Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha Bhallstát na heagraíochta taighde a bhfuil siad cleamhnaithe léi freisin. Ar fháil an iarratais de bhun na míre seo dó, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha measúnú tosaigh ar cibé a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na taighdeoirí faoi seach na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 8. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha lena faoi seach an t-iarratas, in éineacht leis na doiciméid tacaíochta arna gcur isteach ag na taighdeoirí faoi seach agus an measúnú tosaigh chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bhunaíochta cinneadh maidir le stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” a bhronnadh ar thaighdeoir gan moill mhíchuí.

Agus aird chuí á tabhairt ar an measúnú tosaigh a cuireadh ar fáil, is faoi inniúlacht an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta atá an cinneadh deiridh stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” a bhronnadh ar thaighdeoir, de bhun mhír 8.

10.   Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe agus a d’eisigh an iarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line i bhfabhar taighdeoir grinnfhiosraithe cinneadh a eisiúint lena bhfoirceannfar an rochtain má chinneann sé, tar éis imscrúdaithe, ar a thionscnamh féin nó ar bhonn faisnéis a fuarthas ó thríú páirtithe, nach gcomhlíonann an taighdeoir grinnfhiosraithe na coinníollacha a leagtar amach i mír 8 a thuilleadh, agus cuirfidh sé soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh. Sula bhfoirceannfar an rochtain, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha cead don taighdeoir grinnfhiosraithe freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún an rochtain a fhoirceannadh.

11.   Déanfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta ainmneacha agus sonraí teagmhála na ndaoine nádúrtha nó na n-eintiteas ar bhronn siad stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” orthu, i gcomhréir le mír 8, a chur in iúl don Bhord, chomh maith le cuspóir an taighde a ndearnadh an t-iarratas ina leith nó, i gcás go bhfuil rochtain ar na sonraí foirceanta acu i gcomhréir le mír 10, an fhaisnéis sin a chur in iúl don Bhord.

12.   Tabharfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain gan moill mhíchuí ar shonraí, lena n-áirítear, i gcás inar féidir sin go teicniúil, sonraí fíor-ama, ar choinníoll go bhfuil na sonraí inrochtana go poiblí ina gcomhéadan ar líne do thaighdeoirí, lena n-áirítear iad siúd atá cleamhnaithe le comhlachtaí, eagraíochtaí agus comhlachais neamhbhrabúis a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 8, pointí (b), (c), (d) agus (e), agus a úsáideann na sonraí go heisiach chun taighde a dhéanamh a chuireann le rioscaí sistéamacha san Aontas a bhrath, a shainaithint agus a thuiscint de bhun Airteagal 34(1).

13.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na coinníollacha teicniúla a leagan síos faoina bhfuil ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line sonraí a roinnt de bhun mhíreanna 1 agus 4 agus na críocha ar féidir na sonraí a úsáid ina leith. Sna gníomhartha tarmligthe sin, leagfar síos na coinníollacha sonracha faoinar féidir sonraí a roinnt le taighdeoirí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, mar aon le táscairí cuspóireacha ábhartha agus, i gcás inar gá, sásraí comhairleacha neamhspleácha, ag cur cearta agus leasa na soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó na soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line agus fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann san áireamh, lena n-áirítear faisnéis rúnda a chosaint, go háirithe rúin trádála, agus slándáil a seirbhíse a chothabháil.

Airteagal 41

Feidhm chomhlíontachta

1.   Bunóidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line feidhm chomhlíontachta a bheidh neamhspleách ar a bhfeidhmeanna oibríochtúla agus atá comhdhéanta d’oifigeach comhlíontachta amháin nó níos mó, lena n-áirítear ceann na feidhme comhlíontachta. Beidh údarás, stádas agus acmhainní leordhóthanacha ag an bhfeidhm chomhlíontachta sin, chomh maith le rochtain ar chomhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag an soláthraí sin.

2.   Áiritheoidh comhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line go mbeidh na cáilíochtaí gairmiúla, an t-eolas, an taithí agus an cumas is gá ag oifigigh chomhlíontachta chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 3 a chomhlíonadh.

Áiritheoidh comhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line gur bainisteoir sinsearach neamhspleách a bheidh i gceann na feidhme comhlíontachta a mbeidh freagracht ar leith air as an bhfeidhm chomhlíontachta.

Tabharfaidh ceann na feidhme comhlíontachta tuairisc go díreach do chomhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line, agus féadfaidh sé imní a chur in iúl agus rabhadh a thabhairt don chomhlacht sin i gcás ina ndéanann na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 32 nó neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo difear do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann, gan dochar d’fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta ina chuid feidhmeanna maoirseachta agus bainistíochta.

Ní chuirfear ceann na feidhme comhlíontachta as oifig gan formheas a fháil roimh ré ó chomhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line.

3.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar na hoifigigh chomhlíontachta:

(a)

comhoibriú leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus leis an gCoimisiún chun críche an Rialacháin seo;

(b)

a áirithiú go sainaithneofar na rioscaí uile dá dtagraítear in Airteagal 34 agus go dtuairisceofar i gceart iad agus go ndéanfar bearta maolaithe riosca atá réasúnta, comhréireach agus éifeachtach de bhun Airteagal 35;

(c)

gníomhaíochtaí sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line a bhaineann leis an iniúchadh neamhspleách de bhun Airteagal 37 a eagrú agus a mhaoirsiú;

(d)

bainistíocht agus fostaithe sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line a chur ar an eolas faoi oibleagáidí ábhartha faoin Rialachán seo agus comhairle a chur ar fáil i leith na n-oibleagáidí sin;

(e)

faireachán a dhéanamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line i dtaca le comhlíonadh a oibleagáidí faoin Rialachán seo;

(f)

i gcás inarb infheidhme, faireachán a dhéanamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line i dtaca le comhlíonadh na ngealltanas a tugadh faoi na cóid iompair de bhun Airteagail 45 agus 46 nó faoi na prótacail ghéarchéime de bhun Airteagal 48.

4.   cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line ainm agus sonraí teagmhála cheann na feidhme comhlíontachta in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Choimisiún.

5.   Maidir le cur chun feidhme socruithe rialachais sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line, lena n-áirithítear neamhspleáchas na feidhme comhlíontachta, lena n-áirítear cúraimí a roinnt laistigh d’eagraíocht sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line, coinbhleachtaí leasa a chosc, agus bainistiú fónta na rioscaí sistéamacha arna sainaithint de bhun Airteagal 34, déanfaidh comhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór sin ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór sin ar line iad a shainiú, a fhormhaoirsiú agus beidh sé cuntasach as na socruithe sin.

6.   Formheasfaidh agus athbhreithneoidh an comhlacht bainistíochta go tréimhsiúil, uair sa bhliain ar a laghad, na straitéisí agus na beartais chun na rioscaí a shainaithnítear de bhun Airteagal 34 a bhfuil an t-ardán an-mhór ar líne nó an t-inneall cuardaigh an-mhór ar line neamhchosanta orthu nó a d’fhéadfadh sé go mbeadh sé neamhchosanta orthu, a ghlacadh, a bhainistiú, faireachán a dhéanamh orthu agus a mhaolú.

7.   Caithfidh an comhlacht bainistíochta a dhóthain ama ar mhachnamh a dhéanamh i dtaobh na mbeart a bhaineann le bainistíocht riosca. Beidh sé rannpháirteach go gníomhach sna cinntí a bhaineann le bainistiú riosca agus áiritheoidh sé go leithdháilfear acmhainní leordhóthanacha ar bhainistiú na rioscaí a shainaithneofar i gcomhréir le hAirteagal 34.

Airteagal 43

Táille mhaoirseachta

1.   Gearrfaidh an Coimisiún táille bhliantúil mhaoirseachta ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne as iad a ainmniú de bhun Airteagal 33.

2.   Le méid foriomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla, cumhdófar na costais mheasta a thabhóidh an Coimisiún i ndáil lena chúraimí maoirseachta faoin Rialachán seo, go háirithe costais a bhaineann leis an ainmniú de bhun Airteagal 33, le bunú, cothabháil agus oibriú an bhunachair sonraí de bhun Airteagal 24(5) agus leis an gcóras comhroinnte faisnéise de bhun Airteagal 85, le tarchuir de bhun Airteagal 59, le tacú leis an mBord de bhun Airteagal 62 agus leis na cúraimí maoirseachta de bhun Airteagal 56 agus Roinn 4 de Chaibidil IV.

3.   Déanfar táille mhaoirseachta bliantúil a ghearradh ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line as gach seirbhís ar ainmníodh iad ina leith de bhun Airteagal 33.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar méid na táille maoirseachta bliantúla i ndáil le gach soláthraí ardán an-mhór ar líne nó gach soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún an mhodheolaíocht a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i bhfeidhm agus urramóidh sé na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 87, lena leagfar síos an mhodheolaíocht mhionsonraithe agus na nósanna imeachta maidir le:

(a)

ríomh na gcostas measta dá dtagraítear i mír 2;

(b)

ríomh na dtáillí maoirseachta bliantúla aonair dá dtagraítear i mír 5, pointí (b) agus (c);

(c)

cinneadh na huasteorann foriomláine arna sainiú i mír 5, pointe (c); agus

(d)

na socruithe mionsonraithe is gá chun íocaíochta a dhéanamh.

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, urramóidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo.

5.   Déanfar na prionsabail seo a leanas a urramú leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 agus leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4:

(a)

go gcuireann an meastachán ar mhéid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla na costais arna dtabhú sa bhliain roimhe sin san áireamh;

(b)

go bhfuil an táille mhaoirseachta bhliantúil comhréireach leis an líon meánfhaighteoirí gníomhacha míosúla san Aontas de chuid gach ardáin an-mhór ar líne nó gach inneall cuardaigh an-mhór ar líne arna ainmniú de bhun Airteagal 33;

(c)

i gcás ar bith, nach bhfuil méid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla a ghearrtar ar sholáthraí áirithe ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí áirithe innill cuardaigh an-mhór os cionn 0,05 % dá ghlanioncam bliantúil domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin.

6.   Is éard a bheidh sna táillí maoirseachta bliantúla aonair a ghearrfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo ná ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41).

7.   cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le méid foriomlán na gcostas arna dtabhú chun na cúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla aonair a gearradh sa bhliain roimhe sin.

ROINN 6

Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

Airteagal 58

Comhar trasteorann idir na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

1.   Ach amháin má tá imscrúdú tionscanta ag an gCoimisiún maidir leis an sárú céanna a líomhnaíodh, i gcás ina bhfuil cúis ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha i dtír cinn scríbe a bheith amhrasach gur sháraigh soláthraí seirbhíse idirghabhálaí an Rialachán seo ar bhealach a dhéanann difear diúltach d’fhaighteoirí na seirbhíse i mBallstát an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha sin, féadfaidh sé a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta measúnú a dhéanamh ar an gcás agus na bearta imscrúdaithe agus forfheidhmithe is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

2.   Ach amháin má tá imscrúdú tionscanta ag an gCoimisiún maidir leis an sárú céanna a líomhnaíodh, arna iarraidh sin do thriúr Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar a laghad sa tír cinn scríbe a bhfuil cúiseanna acu amhras a bheith orthu go ndearna soláthraí sonrach seirbhísí idirghabhálacha sárú ar bhealach a dhéanann difear diúltach d’fhaighteoirí na seirbhíse ina mBallstáit, féadfaidh an Bord a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta measúnú a dhéanamh ar an gcás agus na bearta imscrúdaithe agus forfheidhmithe is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

3.   Tabharfar réasúnú cuí le hiarraidh de bhun mhír 1 nó 2 agus sonrófar ann an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

pointe teagmhála an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann dá bhforáiltear in Airteagal 11;

(b)

tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha an Rialacháin seo lena mbaineann agus na cúiseanna a bhfuil an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó an Bord, amhrasach gur sháraigh an soláthraí an Rialachán seo, lena n-áirítear cur síos ar éifeachtaí diúltacha an tsáraithe a líomhnaíodh;

(c)

aon fhaisnéis eile a mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó an Bord, a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a bailíodh ar a thionscnamh féin nó moltaí chun bearta imscrúdaithe nó forfheidhmithe sonracha a dhéanamh, lena n-áirítear bearta eatramhacha.

4.   Tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta lánaird ar an iarraidh de bhun mhíreanna 1 nó 2 den Airteagal seo. I gcás ina measann sé nach bhfuil go leor faisnéise aige chun gníomhú de réir na hiarrata agus ina bhfuil cúiseanna aige a mheas go bhféadfadh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó an Bord, faisnéis bhreise a sholáthar, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta faisnéis den sórt sin a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 57 nó, de rogha air sin, féadfaidh sé imscrúdú comhpháirteach a sheoladh de bhun Airteagal 60(1) ina mbeidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha iarrthach ar a laghad rannpháirteach. Cuirfear an tréimhse a leagtar síos i mír 5 den Airteagal seo ar fionraí go dtí go gcuirfear an fhaisnéis bhreise sin ar fáil nó go dtí go ndiúltófar don chuireadh páirt a ghlacadh san imscrúdú comhpháirteach.

5.   cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 2 mhí ón iarraidh a fháil de bhun mhír 1 nó 2, an measúnú ar an sárú amhrasta in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, agus don Bhord, chomh maith le míniúchán ar aon bheart imscrúdaithe nó forfheidhmithe a rinneadh nó a bheartaítear maidir leis an sárú sin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Airteagal 62

Struchtúr an Bhoird

1.   Beidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar an mBord a ndéanfaidh oifigigh ardleibhéil ionadaíocht orthu. Má mhainníonn Ballstát amháin nó níos mó Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a ainmniú, ní chuirfidh sé sin cosc ar an mBord a chúramaí a fheidhmiú faoin Rialachán seo. I gcás ina bhforáiltear dó sa dlí náisiúnta, féadfaidh údaráis inniúla eile a bhfuil freagrachtaí feidhmiúla sonracha orthu maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a bheith rannpháirteach sa Bhord in éineacht leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. Féadfar a iarraidh ar údaráis náisiúnta eile freastal ar na cruinnithe, i gcás ina mbaineann na hábhair a phléifear leo.

2.   Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an gCoimisiún. Tionólfaidh an Coimisiún na cruinnithe agus ullmhóidh sé an clár oibre i gcomhréir le cúraimí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo agus i gcomhréir lena chuid rialacha nós imeachta. Nuair a iarrfar ar an mBord moladh a ghlacadh de bhun an Rialacháin seo, déanfaidh sé an iarraidh sin a chur ar fáil láithreach do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile tríd an gcóras comhroinnte faisnéise a leagtar amach in Airteagal 85.

3.   Beidh aon vóta amháin ag gach Ballstát. Ní bheidh cearta vótála ag an gCoimisiún.

Glacfaidh an Bord a chuid gníomhartha trí thromlach simplí. Maidir leis an moladh dá dtagraítear in Airteagal 36(1), an chéad fhomhír, déanfaidh an Bord an vótáil laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis iarraidh a fháil ó Chathaoirleach an Bhoird.

4.   cuirfidh an Coimisiún tacaíocht riaracháin agus anailíseach ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo.

5.   Féadfaidh an Bord a iarraidh ar shaineolaithe agus ar bhreathnóirí freastal ar a chuid cruinnithe, agus féadfaidh sé comhoibriú le comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha eile de chuid an Aontais, chomh maith le saineolaithe seachtracha de réir mar is iomchuí. Cuirfidh an Bord torthaí an chomhair sin ar fáil go poiblí.

6.   Féadfaidh an Bord dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus cuirfidh sé torthaí comhairliúchán den sórt sin ar fáil go poiblí.

7.   Glacfaidh an Bord a chuid rialacha nós imeachta, i ndiaidh toiliú a fháil ón gCoimisiún.

Airteagal 66

Imeachtaí á dtionscnamh ag an gCoimisiún agus comhar maidir le himscrúdú a dhéanamh

1.   Féadfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh d’fhonn na cinntí a d’fhéadfaí a ghlacadh de bhun Airteagail 73 agus 74 i leith iompar ábhartha sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne a bhfuil amhras ar an gCoimisiún gur sháraigh sé aon cheann de na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra do gach duine de na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus don Bhord tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85, agus do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann.

Déanfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, gan aon mhoill mhíchuí tar éis iad a bheith curtha ar an eolas faoi thionscnamh na n-imeachtaí, aon fhaisnéis atá acu faoin sárú atá i gceist a tharchur chuig an gCoimisiún.

Agus imeachtaí á dtionscnamh ag an gCoimisiún de bhun mhír 1 den Airteagal seo, déanfar a chumhachtaí chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh faoin Rialachán seo de bhun Airteagal 56(4) a bhaint den Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, nó d’aon údarás inniúil i gcás inarb infheidhme.

3.   Agus a chuid cumhachtaí imscrúdaithe faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú aige, féadfaidh an Coimisiún tacaíocht aonair nó tacaíocht chomhpháirteach a iarraidh ar aon Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha lena mbaineann an sárú amhrasta, lena n-áirítear an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta. Oibreoidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a fuair iarraidh den sórt sin agus, i gcás inar thug an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha páirt dóibh, aon údaráis inniúla eile, i gcomhar go dílis agus go tráthúil leis an gCoimisiún agus beidh siad i dteideal a gcumhachtaí imscrúdaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 51(1) a fheidhmiú i dtaca le soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne atá i gceist, maidir le faisnéis, daoine agus áitribh atá suite laistigh de chríoch a mBallstáit agus i gcomhréir leis an iarraidh.

4.   cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha ar fad ar fáil don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Bhord faoi fheidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 67 go 72 chomh maith lena réamhthorthaí dá dtagraítear in Airteagal 79(1). Cuirfidh an Bord a thuairimí ar na réamhthorthaí sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de thréimhse a leagfar síos de bhun Airteagal 79(2). Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar aon thuairimí ón mBord sa chinneadh uaidh.

Airteagal 67

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Chun tabhairt faoi na cúraimí a shanntar dó faoin Roinn seo, féadfaidh an Coimisiún, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, éileamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, chomh maith le haon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a ghníomhaíonn chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, a ngnó, a gceird nó a ngairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann leis an sárú amhrasta, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 37 agus Airteagal 75(2), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta.

2.   Le linn iarraidh shimplí ar fhaisnéis a sheoladh chuig soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó chuig an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, luafaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil, agus na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 as faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar.

3.   I gcás ina gceanglaíonn an Coimisiún ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faisnéis a sholáthar trí chinneadh, luafaidh sé bunús dlí agus cuspóir na hiarrata sin, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 agus sonróidh nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 76. Sonróidh sé freisin an ceart go ndéanfadh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú ar an gcinneadh.

4.   cuirfidh soláthraithe an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, comhlachtaí nó gnólachtaí, nó i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh orthu de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar ceann sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó thar ceann na ndaoine eile dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus údaráis inniúla eile gach faisnéis is gá don Choimisiún chun na cúraimí a sannadh dó faoin Roinn seo a dhéanamh.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, tar éis dó an iarraidh shimplí nó an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sheoladh, cóip de a sheoladh chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85.

Airteagal 73

Neamhchomhlíonadh

1.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh i gcás ina measann sé nach gcomhlíonann soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

forálacha ábhartha an Rialacháin seo;

(b)

bearta eatramhacha arna n-ordú de bhun Airteagal 70;

(c)

gealltanais arna ndéanamh ceangailteach de bhun Airteagal 71.

2.   cuirfidh an Coimisiún a réamhthorthaí in iúl do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, sula nglacfaidh sé an cinneadh de bhun mhír 1. Míneoidh an Coimisiún na bearta a mheasann sé a ghlacfaidh sé, nó a mheasann sé ar cheart do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann iad a ghlacadh, chun dul i ngleic go héifeachtach leis na réamhthorthaí.

3.   Sa chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 1, ordóidh an Coimisiún do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann na bearta is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an chinnidh de bhun mhír 1 a áirithiú laistigh de thréimhse réasúnta a shonrófar ann agus faisnéis a chur ar fáil maidir leis na bearta atá i gceist ag an soláthraí a dhéanamh chun an cinneadh a chomhlíonadh.

4.   Déanfaidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann tuairisc a chur ar fáil don Choimisiún ar na bearta a rinne sé chun comhlíonadh an chinnidh de bhun mhír 1 a áirithiú, ar tuairisc í a chuirfidh sé ar fáil an tráth a chuirfear na bearta sin chun feidhme.

5.   I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil coinníollacha mhír 1 comhlíonta, cuirfidh sé deireadh leis an imscrúdú trí chinneadh. Beidh feidhm ag an gcinneadh le héifeacht láithreach.

Airteagal 74

Fíneálacha

1.   Féadfaidh an Coimisiún a fhorchur ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann fíneálacha nach mó ná 6 % dá láimhdeachas iomlán bliantúil ar fud an domhain sa bhliain airgeadais roimhe sin sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 73, i gcás ina measann sé go ndearna an soláthraí an méid seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí:

(a)

sháraigh sé forálacha ábhartha an Rialacháin seo;

(b)

mhainnigh sé cinneadh ina n-ordaítear dó bearta eatramhacha a ghlacadh faoi Airteagal 70 a chomhlíonadh; nó

(c)

mhainnigh sé gealltanas a chomhlíonadh a rinneadh ceangailteach le cinneadh de bhun Airteagal 71.

2.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear fíneálacha nach mó ná 1 % den ioncam iomlán bliantúil nó láimhdeachas iomlán bliantúil ar fud an domhain sa bhliain airgeadais roimhe sin ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine nádúrtha nó dlítheanach eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1), i gcás ina measann sé go ndearna siad an méid seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí:

(a)

faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar mar fhreagra ar iarraidh shimplí nó iarraidh trí chinneadh de bhun Airteagal 67;

(b)

níor thug siad freagra ar an iarraidh ar fhaisnéis trí chinneadh laistigh den tréimhse a socraíodh;

(c)

níor ceartaíodh an fhaisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach arna soláthar ag ball foirne laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an gCoimisiún, nó mainníodh nó diúltaíodh faisnéis iomlán a sholáthar;

(d)

dhiúltaigh siad géilleadh do chigireacht de bhun Airteagal 69;

(e)

mhainnigh sé na bearta a ghlac an Coimisiún de bhun Airteagal 72 a chomhlíonadh; nó

(f)

mhainnigh sé na coinníollacha maidir le rochtain ar chomhad an Choimisiúin de bhun Airteagal 79(4) a chomhlíonadh.

3.   cuirfidh an Coimisiún a réamhthorthaí in iúl do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó do dhuine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1), sula nglacfaidh sé an cinneadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

4.   Agus méid na fíneála á shocrú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar chineál, tromchúis, fad agus atarlú an tsáraithe agus, maidir le fíneálacha a fhorchuirtear de bhun mhír 2, an mhoill a cuireadh ar na himeachtaí.

Airteagal 75

Maoirseacht fheabhsaithe ar leigheasanna chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar oibleagáidí a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III

1.   Agus cinneadh á ghlacadh aige de bhun Airteagal 73 i ndáil le sárú a bheith déanta ag soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí innill cuardaigh an-mhór ar líne ar aon cheann d’fhorálacha Roinn 5 de Chaibidil III, úsáidfidh an Coimisiún an córas maoirseachta feabhsaithe a leagtar síos san Airteagal seo. Agus é sin á dhéanamh aige, beidh lánaird aige ar aon tuairim ón mBord de bhun an Airteagail seo.

2.   Sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 73, cuirfidh an Coimisiún de cheangal ar sholáthraí ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann plean gníomhaíochta a tharraingt suas agus a chur in iúl, laistigh de thréimhse réasúnach a shonrófar sa chinneadh, do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, don Choimisiún agus don Bhord, ina leagfar amach na bearta riachtanacha atá leordhóthanach chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas. Áireofar sna bearta sin gealltanas go ndéanfar iniúchadh neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 37(3) agus (4) maidir leis na bearta eile a chur chun feidhme, agus sonrófar céannacht na n-iniúchóirí, chomh maith le modheolaíocht agus uainiú an iniúchta agus an obair a dhéanfar ina dhiaidh. Féadfar a áireamh sna bearta freisin, i gcás inarb iomchuí, gealltanas a bheith rannpháirteach i gcód iompair ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 45.

3.   cuirfidh an Bord a thuairim faoin bplean gníomhaíochta in iúl don Choimisiún laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a fhaigheann sé an plean gníomhaíochta. Laistigh d’aon mhí amháin tar éis dó an tuairim sin a fháil, cinnfidh an Coimisiún an leor na bearta a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas, agus socróidh sé tréimhse réasúnta chun é a chur chun feidhme. Cuirfear san áireamh sa chinneadh sin an gealltanas a d’fhéadfaí a thabhairt go gcloífear le cóid iompair ábhartha. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta. Chuige sin, cuirfidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann an tuarascáil iniúchóireachta in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí a luaithe a bheidh fáil uirthi, agus coinneoidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta a dhéanfar chun an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá sin le haghaidh faireachán den sórt sin, a cheangal ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann faisnéis bhreise a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta arna leagan síos ag an gCoimisiún.

Coinneoidh an Coimisiún an Bord agus na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar an eolas maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta, agus maidir leis an bhfaireachán a dhéanfar air.

4.   Féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe Airteagal 76(1), pointe (e), agus Airteagal 82(1), sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní sholáthraíonn soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann aon phlean gníomhaíochta, an tuarascáil iniúchóireachta, na nuashonruithe riachtanacha nó aon fhaisnéis bhreise is gá, laistigh den tréimhse is infheidhme;

(b)

diúltaíonn an Coimisiún don phlean gníomhaíochta atá beartaithe toisc go measann sé nach leor na bearta a leagtar amach ann chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas; nó

(c)

measann an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála iniúchóireachta, aon nuashonruithe nó faisnéis bhreise arna soláthar nó aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dó, nach leor cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta chun deireadh a chur leis an sárú nó chun é a leigheas.


whereas









keyboard_arrow_down